Cucumis - Free online translation service
. .



Original text - Irish - ’Sí do mhaimeo í

Current statusOriginal text
This text is available in the following languages: IrishEnglishDanish

Category Song

Title
’Sí do mhaimeo í
Text to be translated
Submitted by Mkay
Source language: Irish

’Sí do mhaimeo í, ’sí do mhaimeo í
’Sí do mhaimeo í, cailleach an airgid
’Sí do mhaimeo í, ó Bhaile Inis Mhóir í
’S chuirfeadh sí cóistí ar bhóithre Cois Fharraige

Dá bhfeicfeá’ an "steam" ’ghabhail siar Tóin Uí Loin’
’S na rothaí ’ghabhail timpeall siar ó na ceathrúnaí
Chaithfeadh sí ’n stiúir naoi n-vair’ ar a cúl
’S ní choinneodh sí siúl le cailleach an airgid

Sí do mhaimeo í, ’sí do mhaimeo í...

Measann tú, ’bpósfa’, ’measann tú ’bpósfa’
’Measann tú, ’bpósfa’, cailleach an airgid?
Tá’s a’m nach ’bpósfa’, tá’s a’m nach ’bpósfa’
Mar tá sé ró-óg ’gus d’ólfadh sé’n t-airgead ’

Sí do mhaimeo í, ’sí do mhaimeo í...

Sí do mhaimeo í, ’sí do mhaimeo í...

’S gairid go ’bpósfaidh, ’s gairid go ’bpósfaidh
’S gairid go ’bpósfaidh, beirt ar an mbaile seo
’S gairid go ’bpósfaidh, ’s gairid go ’bpósfaidh
Séan Shéamais Mhóir agus Máire Ní Chathasaigh

Sí do mhaimeo í, ’sí do mhaimeo í...
6 October 2009 00:27





Latest messages

Author
Message

20 November 2009 23:30

Dewan
Number of messages: 44
It's an old West of Ireland folk song which I used to sing when I was young..